1. 1

    Aoife Ni Fhearraigh - The Best Is Yet To Come

  2. 2

    Aoife Ni Fhearraigh - Mo Ghrá Thú (salm 17)

  3. 3

    Aoife Ni Fhearraigh - Mo Ghrá-sa Mo Dhia

  4. 4

    Aoife Ni Fhearraigh - A Neansaí 'mhíle Grá

  5. 5

    Aoife Ni Fhearraigh - After The Goldrush

  6. 6

    Aoife Ni Fhearraigh - Ainnir Dheas Na Gciabhfholt Donn

  7. 7

    Aoife Ni Fhearraigh - Ansacht Na Nansacht

  8. 8

    Aoife Ni Fhearraigh - At 17

  9. 9

    Aoife Ni Fhearraigh - Bonny Portmore

  10. 10

    Aoife Ni Fhearraigh - Both Sides Now

  11. 11

    Aoife Ni Fhearraigh - Cailín A' Tsléibhe Ruaidh

  12. 12

    Aoife Ni Fhearraigh - Cailín Na Gruaige Báine

  13. 13

    Aoife Ni Fhearraigh - Cailín Rua

  14. 14

    Aoife Ni Fhearraigh - Caitlín Triall

  15. 15

    Aoife Ni Fhearraigh - Caledonia

  16. 16

    Aoife Ni Fhearraigh - Danny Boy

  17. 17

    Aoife Ni Fhearraigh - Fare Thee Well

  18. 18

    Aoife Ni Fhearraigh - If You Love Me

  19. 19

    Aoife Ni Fhearraigh - Maggie

  20. 20

    Aoife Ni Fhearraigh - Neidin

  21. 21

    Aoife Ni Fhearraigh - Never Be The Sun

  22. 22

    Aoife Ni Fhearraigh - Níl Sé 'na Lá

  23. 23

    Aoife Ni Fhearraigh - Nuair A Bhí Mise Óg

  24. 24

    Aoife Ni Fhearraigh - Ready For The Storm

  25. 25

    Aoife Ni Fhearraigh - Seacht Suáilcí Na Maighdine Muire

  26. 26

    Aoife Ni Fhearraigh - Ta Gliondar Sa Saol Cuardaimis e

  27. 27

    Aoife Ni Fhearraigh - Turn Turn Turn

  28. 28

    Aoife Ni Fhearraigh - Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte

Nuair A Bhí Mise Óg

Aoife Ni Fhearraigh

Nuair a bhí mise óg
Ó ba dheas is ba dóighiúil
A' scafaire stócaigh mé
'Súil' na mban óg
Bhínn á mealladh 's á bpógadh
Is shiúlainn a' rod leo
'S bhínn carthanach cóir leo
Gan mhairg gan bhrón

Bhíodh rosca gach bruinnil'
A' lasadh le loinnir
'S gach dealramh níos glinne
Le lúcháire romham
'S mo ghuthsa gur bhinne leo
'Chluinstin sa chruinniú
Ná'n píobaire 'seinm
Ó mhaidin go neoin

Och, och, ar a' lá sin
Murab é bhain a' bláth domh
'S é d'fhág mé mar 'tá mé
'Mo chréatúr gan dóigh
'S é chloígh mé 's é chráigh mé
Gur chaolaigh mo chnámha
'S d'fhág meath mar ar mo shláinte
Nach leigheastar go deo

'S iomaí bean álainn
Ó Chorcaigh go Málainn
A chaith seal ar láimh liom
Mo chreach is mo léan
'S mé 'g imeacht gan ábhar
Arís is á bhfágail
Go cloíte lag cráite
Faoi leatrom leo féin

Thit mallacht gach duine acu
'Bhfiormhullaigh 'n chinn orm
D'imigh mo bhláth
'S níor fhan ribe ar mo mhaol
Ach mo sheanbhlagad feannta
Le síon is le haimsir
'Mo chréatúr a' drandán
Fé bhuaireamh a' tsaoil

Ach anois iarraim pardún
Go léir ar na staidmhná
'Bhí cineálta cairdiúil liom
Lá breá den tsaol
Ná táthar a' rá liom
Gur damnaithe 'tá me
'S nach dual domh go brách fáil
Go Flaitheas na Naomh

Ach an n-aidimse 'Dhia
Go mb'fhearr liom go síoraí
'Bheith 'n Ifreann na bPian
I measc cairde mo chléibh
Ná bheith 'bhFlaithis in airde
'Measc túitní cráifeach'
Nach dtuigfeadh a' cás
A d'fhág mise faoi léan

Och, och, ar a' lá sin
Murab é bhain a' bláth domh
'S é d'fhág mé mar 'tá mé
'Mo chréatúr gan dóigh
'S é chloígh mé 's é chráigh mé
Gur chaolaigh mo chnámha
'S d'fhág meath mar ar mo shláinte
Nach leigheastar go deo

Playlists relacionadas Ver mais playlists

Momentos

O melhor de 3 artistas combinados