Tiocfaidh An Samhraidh

The Bothy Band

Tiocfaidh an samhradh
Agus fásfaidh an féar
Tiocfaidh an duilliúr ghlas
Ar bharr na gcraobh
Tiocfaidh mo rúinsearc
Le bánú an lae
Agus buailfidh sí túin suas
Le cumha 'mo dhiaidh

Scairt mé aréir
Ag an doras thall
Scairt mé aríst
An raibh mo rún le fáil
Dúirt a daidí liom
Nach raibh sí ann
Nó gur éaluigh sí aréir
Leis an buachaill donn

Brón ar an fharraige
Mar is sí atá mór
'Sí atá ag dul idir mé
Is mo mhíle stór
Siúlfaidh mé na bailte seo
Agus siúlfaidh mé na róid
Agus dheamhan bean a phósfas mé
No go dtéim faoi fhód

Tiocfaidh an samhradh
Agus fásfaidh an féar
Tiocfaidh an duilliúr ghlas
Ar bharr na gcraobh
Tiocfaidh mo rúinsearc
Le bánú an lae
Agus buailfidh sí túin suas
Le cumha 'mo dhiaidh

Playlists relacionadas Ver mais playlists

Momentos

O melhor de 3 artistas combinados